Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Employer: An Taibhdhearc
Closing Date: 21 Mar 2025 @ 5:00 pm
Location: Gaillimh
Type: Paid Job

Tá An Taibhdhearc ag lorg Bainisteoir Teicniúil lánaimsireach

Tá An Taibhdhearc ag lorg Bainisteoir Teicniúil atá féinspreagtha agus a bhfuil taithí mhaith aige/aici ar bheith ina bhall/ina ball dár bhfoireann. Is ball ríthábhachtach den fhoireann an Bainisteoir Teicniúil agus beidh an té a cheapfar freagrach go díreach don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Stiúrthóir Ealaíne.

I gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as a chinntiú go gcomhlíontar caighdeáin slándála, sláinte agus sábháilteachta, agus comhshaoil agus go leantar na nósanna imeachta atá ag An Taibhdhearc.

I gcomhairle leis an Stiúrthóir Ealaíne, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as riachtanais theicniúla agus stáitse le linn imeachtaí agus léiriúcháin tí, léiriúcháin chamchuairte agus léiriúcháin ar láithreacha eile a bheidh á léiriú ag An Taibhdhearc. Ina theannta sin, beidh an Bainisteoir Teicniúil freagrach as riachtanais theicniúla agus stáitse do na léiriúcháin agus imeachtaí seachtracha a bheidh ag teacht isteach sa Taibhdhearc.

Feidhmíonn an ról seo faoi scáth an mhisin, na dtosaíochtaí agus na luachanna atá leagtha síos ag An Taibhdhearc.

5 i.n. an 21/03/2025 an spriocdháta d’iarratais.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil thíos.

Job Description

This post has been viewed 162 times!