Tá Ealaín na Gaeltachta ag lorg Painéal Teagascóirí don Chlár Cuisle
Ar mhaith leat a bheith ag obair linn chun na healaíona dúchasacha a bhronnadh ar an gcéad ghlúin eile de phobal na Gaeltachta?
Tá clár Cuisle de chuid Ealaín na Gaeltachta ag cur painéal teagascóirí le chéile don scoil bhliain úr, 2025-26.
Tá teagascóirí spreagúla, fuinniúla á lorg againn, a bhfuil suim acu oibriú le daoine óga agus na healaíona traidisiúnta a chur chun cinn ar fud Chonamara agus oileáin Árann.
Más ceoltóir, amhránaí nó damhsóir ar an sean-nós thú agus má tá suim agat do chuid buanna a roinnt leis an gcéad ghlúin eile, déan teagmháil linn.
Cuir ríomhphost chuig cuisle@udaras.ie.
This post has been viewed 12 times!