Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Organiser: Ealaín na Gaeltachta
Date: 30 Sep - 1 October 2025
Time: 19:00
Venue: ar líne | online
Price: Saor in Aisce

á cur ar fáil ag Arts & Disability Ireland

Dé Máirt 30.09.25  7–9 i.n. ar líne

Céadaoin 1.10.25 10–12 i.n. ar líne

Cuireann Arts & Disability Ireland Oiliúint Comhionannais Míchumais (DET) ar fáil, oiliúint atá dírithe ar eagraíochtaí ealaíon atá ag iarraidh ealaíontóirí agus lucht éisteachta/féachana atá faoi mhíchumas a chur san áireamh sa méid a dhéanann siad. Is i mBéarla agus ar líne a chuirfear an cheardlann i láthair.

Aidhmeanna na hOiliúna

Is é sprioc an chúrsa seo tuiscint ghinearálta a thabhairt duit ar na dúshláin a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht daoine atá faoi mhíchumas sna healaíona.

Scrúdófar na baic a bhíonn le sárú ag daoine atá faoi mhíchumas agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh sna healaíona, agus tabharfar réiteach ar na baic sin.

Léireofar freisin go bhfuil na baic a bhíonn ar an rannpháirtíocht sna healaíona ag athrú de shíor, agus go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith gníomhach agus páirteach sa bpobal faoi mhíchumas go háitiúil, go náisiúnta agus uaireanta go hidirnáisiúnta.

Cláraigh: www.ealain.ie