Is é Ceangal | Cwlwm IV an ceathrú comhdháil d’ealaíontóirí, cleachtóirí agus d’eagraíochtaí atá ag obair i réimse na hamharclannaíochta i nGaeilge, i nGaeilge na hAlban agus i mBreatnais.
Beidh Ceangal | Cwlwm IV, a ostáil ag Theatr Gu Leor in Impact Arts I nGlaschú ar an 13ú Meán Fómhair.
Tá an Ghlaoch Oscailte seo dírithe ar ealaíontóirí agus cleachtóirí amharclannaíochta a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Cuireann an teacht le chéile seo spás ar fáil chun ceangail agus líonrú a dhéanamh le healaíontóirí agus cleachtóirí eile. Beidh meascán de chomhrá, taibhléiriú, ceardlanna agus cainteanna ar siúl le linn an lae, le dinnéar tráthnóna agus ócáid shóisialta.
Clúdófar costais taistil* agus lóistín chun freastal ar an imeacht seo (suas go £400) mar aon le liúntas £50. Tá spásanna teoranta mar sin ghlacfar le hiarratais san ord ina dtagann siad isteach. Seol ríomhphost chuig ealain@udaras.ie chun suim a léiriú ann.
Más ealaíontóir/cleachtóir thú atá lonnaithe sa Ghaeltacht is féidir liúntas breise á lorg uaidh Ealaín na Gaeltachta.
*Deirtear i mBeartas Taistil Inbhuanaithe an lucht eagraithe, Theatr Gu Leor, gur gá úsáid a bhaint as iompar poiblí agus taisteal thar tír nuair is féidir, gan ach eitiltí a úsáid mar rogha dheireanach.
This post has been viewed 139 times!