Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Organisation: Ealaín na Gaeltachta
Closing Date: 4 Jun 2026 @ 4:00 pm
Type: Funding

Is ócáid náisiúnta bhliantúil í an Oíche Chultúir a thugann ardán do shaol cultúrtha na tíre seo agus a thugann deis faoi leith don phobal a bheith páirteach in imeachtaí cultúrtha, ealaíon, agus oidhreachta – saor in aisce. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair 2026.

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2026.

Fáilteofar ach go háirithe roimh iarratais a spreagfaidh rannpháirtíocht chruthaitheach an phobail áitiúil agus roimh imeachtaí a thabharfaidh deis don aos óg páirt ghníomhach a ghlacadh iontu.

Cuirfear fáilte faoi leith roimh imeachtaí a mbeidh daoine a bhfuil dúshláin rochtana rompu in ann freastal orthu.

Spriocdháta d’iarratais: 4 Meitheamh 2026

Uasmhéid maoinithe: €1,000

This post has been viewed 7 times!