Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Organisation: Marina Ní Dhubháin
Closing Date: 24 Sep 2026 @ 5:00 pm
Type: Award

Tá dátaí oscailte agus spriochdhátaí scéimeanna mhaoinithe Ealaín na Gaeltachta ar fáil anois don bhliain 2026.
Is é 19 Eanáir dáta oscailte na scéimeanna, cé is moite den Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta, a osclóidh ar an 2 Meitheamh.
Spriocdhátaí:
02.02.26 – Scéim Forbartha na nEalaíon (Spriocdháta 1)
26.02.26 – Scéim na bhFéilte Ealaíon sa Ghaeltacht
26.02.26 – Treisiú (Spriocdháta 1)
23.04.26 – Neartú (Spriocdháta 1)
16.07.26 – Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta
23.07.26 – Scéim Forbartha na nEalaíon (Spriocdháta 2)
27.08.26 – Treisiú (Spriocdháta 2)
24.09.26 – Neartú (Spriocdháta 2)
Oscailte – Scéim Síol
Oscailte – Scéim Oiliúna
Beidh dhá spriocdháta ar fáil do Scéim Treisiú, Scéim Forbartha na nEalaíon agus Scéim Neartú i rith 2026. Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim Síol nó an Scéim Oiliúna am ar bith le linn na bliana.
Tá gach eolas ar scéimeanna Ealaín na Gaeltachta le fáil óna hÁisitheoirí Ealaíona agus ó fhoireann Cuisle. Cuireann muid comhairle agus tacaíocht ar fáil chomh maith, do lucht na n-ealaíon agus don phobal agus cuirimid fáilte roimh cheisteanna ar bith maidir leis na healaíona sa Ghaeltacht. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie.
Tá sonraí na scéimeanna le fáil ar www.ealain.ie

Grianghraf: Céilí cois cladaigh le Fóram Chois Fharraige, an Spidéal, Oíche Chultúir 2025. Grianghraf le Seán Ó Mainnín

This post has been viewed 25 times!