Theatre Forum is now Performing Arts Forum
Organisation: Ealaín na Gaeltachta
Closing Date: 23 Apr 2026 @ 4:00 pm
Type: Award

Tacaíocht do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht

Scéim Neartú
Tacaíocht do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht
Spriocdháta Babhta 1: Déardaoin 23 Aibreán

Cuireann Scéim Neartú tacaíocht ar fáil do chláir leanúnacha don óige trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht, sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/san Amharclannaíocht.
Glacfar le hiarratais tríd an scéim seo ó ó eagraíochtaí, ó ghrúpaí nó ó choistí pobail sa Ghaeltacht, a bhfuil sé d’acmhainn acu clár leanúnach oiliúna agus/nó imeachtaí don óige sna healaíona dúchasacha (ceol traidisiúnta, damhsa ar an sean-nós, amhránaíocht ar an sean-nós, na healaíona béil – lúibíní, agallaimh beirte, scéalaíocht) agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht, a reáchtáil, ar ardchaighdeán, trí mheán na Gaeilge.

Tá treoir agus foirm iarratais ar fáil ar www.ealain.ie

Spriocdháta Babhta I: 23 Aibreán (do chláir ag tosú Meán Fómhair 2026)
Spriochdháta Babhta II: 24 Meán Fómhair (do chláir ag tosú Eanáir 2027)

This post has been viewed 9 times!