Sparánacht le freastal ar Chruinniú den Fhóram Taibhealaíona i mBéal Feirste, 26-27.05.2026
Tá áthas ar an bhFóram Taibhealaíona dul i mbun oibre le hEalaín na Gaeltachta chun sparánacht a thairiscint do chleachtóirí sna dtaibhealaíon sa Ghaeltacht, le freastal ar Chruinniú den Fhóram Taibhealaíona i mBéal Feirste ar an 26 agus 27 Bealtaine 2026.
Tá na céadta ealaíontóir, oibrí ealaíon agus eagraíocht ealaíon ó ionaid ealaíon agus comhlachtaí léiriúcháin, féilte agus maoinitheoirí ag teacht le chéile i mBéal Feirste ar feadh dhá lá lán le comhrá, spreagadh agus inspioráid.
Beidh sparánacht amháin ar fáil le haghaidh gach réigiún, An Mhumhan, Connacht agus Co. na Mí, Tír Chonaill
Clúdóidh gach Sparánacht Ealaíontóra:
Ticéad chuig an bhFóram Taibhealaíona i mBéal Feirste – seisiúin uile an lae, dhá lón, dinnéar, sosanna caife agus an clár ealaíne
Stipinn Ealaíontóra €180
Lóistín agus Ranníocaíocht Taistil €150
This post has been viewed 48 times!
